Príobháideachas agus eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí studiahibernica.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid?

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Baineann na fianáin seo le rogha teanga an úsáideora agus le sonraí Google Analytics. Úsáidimid Google Analytics chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Google Analytics sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo?

Usáidimid na sonraí bailithe ag Google Analytics chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, mar go n-úsáidimid anaithnidiú IP Google Analytics. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo?

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid iad go deo. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Toiliú:

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach sa doiciméad seo.

Teagmháil:

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag studia.hibernica@dcu.ie.