Seoladh Studia Hibernica 44

Is é an tOllamh Ruairí Ó hUiginn MRIA, Stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a dhéanfaidh Imleabhar 44 (2018) de Studia Hibernica agus an suíomh idirlín nua a sheoladh sa Spás Taispeántais, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, DCU ar 6.00 pm, Dé Máirt 11 Nollaig.