Aidhmeanna

Studia Hibernica á fhoilsiú ón bhliain 1961 i leith. Díríonn an t-irisleabhar ar léann na Gaeilge agus litríocht na Gaeilge, stair agus seandálaíocht na hÉireann, béaloideas na hÉireann agus an logainmníocht, agus ábhair ghaolmhara eile.

Is í aidhm an irisleabhair taighde scoláirí sna réimsí seo den Léann Éireannach a chur chun cinn agus, dá thoradh sin, scoláirí a chur i láthair dá chéile agus don phobal. Féachtar le roinnt alt a chur ar fáil i ngach eagrán a gcuirfear spéis ghinearálta iontu toisc, mar shampla, go gcíorann siad tréimhse ama nó téama faoi leith sa stair nó sa litríocht.