Nuacht

Seoladh

Seoladh Studia Hibernica 44

Is é an tOllamh Ruairí Ó hUiginn MRIA, Stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a dhéanfaidh Imleabhar 44 (2018) de Studia Hibernica agus an suíomh idirlín nua a sheoladh sa Spás Taispeántais, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, DCU ar 6.00 pm, Dé Máirt 11 Nollaig. Fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil. Tá aistí leis na húdair seo a leanas in Imeabhar 44: Brideen Hickey, Felix Levin, Edward Pettit, Fiachra Ó Cionnaith, Richard Sharpe, Pádraig A. Breatnach agus Laurence Marley. Beidh cóipeanna ar fáil ag an seoladh.