Gairm ar ailt

Cuireann Studia Hibernica fáilte roimh ailt, ailt léirmheastóireachta agus léirmheasanna i nGaeilge agus i mBéarla.

Ba chóir go mbeadh 8,000–10,000 focal in alt, de ghnáth, agus an leabhareolas san áireamh. Glactar le téacsanna atá níos faide ná seo agus moltar d'údair teagmháil a dhéanamh leis na heagarthóirí roimh ré. Ní mór go gcloífeadh ailt léirmheastóireachta agus léirmheasanna leis an líon focal a aontaítear leis an eagarthóir/na heagarthóirí.

Úsáidtear próiseas dall piarmheasúnaithe chun na hailt a chuirtear faoi bhráid Studia Hibernica a mheas.

Iarraimid ort ár dTreoirlínte Scríbhneoireachta a léamh ina n-iomlán sula gcuireann tú aon ábhar ar fáil.